Home
Bua Scoil Naomh Mhuire i ndíospóireachtaí Ghael Linn

Bua Scoil Naomh Mhuire i ndíospóireachtaí Ghael Linn

Senior Team.

Reachtáladh díospóireachtaí Ghael Linn sa scoil Deardaoin, 8 Mí na Samhna. Ghlac foireann shóisearach agus foireann shinsireach páirt sna díospóireachtaí seo. Chruthaigh Adela Bulliman, Chloe Dalton agus Amy Boylan, a bhí ar an bhfoireann shóisearach, go hiontach sa chéad díospóireacht I gcoinne Coláiste Loreto ar an bhFaice Mhór agus Scoil Cailíní Bhaile Formaid. Bhí an bua ag Scoil Naomh Mhuire. D’éirigh thar cionn le Gillian Caffery, Eimear Tunstead agus Eimear Martin a bhí ar an bhfoireann shinsireach chomh maith agus tá áit bainte amach acu sa chéad díospóireacht eile. Guimid gach rath ar an dá fhoireann a bheidh ag dul ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile sa chomórtas. Míle buíochas le foireann Roinn na Gaeilge a chabhraigh go mór leis na foirne agus a d’eagraigh oíche iontach shiamsaíochta do chách.